20 píosa cheoil do dhamhsaí chéilí   20 music tracks for céilí dancing

Baile
Home

Eolas
Info

Ceoltóirí
Musicians

Ceol & Damhsaí
Music & Dances

Ceannaigh
Buy CD's

eolas@damhsa.com


Na Ceoltóirí / Musicians
Táim fíor bhuíoch dena ceoltóirí ar fad a thug a gcuid ama don tionscnamh seo. Tá cáil ar Damaris, Jim, Ciarán agus Máirtín as ucht a gcuid cheoil leis an ngrúpa Cóisir. Beidh dlúthdhiosca ar an margadh uatha go luath gur fiú éisteacht leis. Is pianodóir agus cumadóir den scoth é Brian Byrne a bhfuil cáil bainte amach aige leis an R.T.É Concert Orchestra. Tá aithne mhaith ar Odhrán Ó Casaide a sheineann leis an ghrúpa chailiúil Na Casaidigh. Is baill iad Simon Ó Cróinín agus Colm Dubh Ó Méalóid den sár-ghrúpa na Galties as Ráth Cairn. Is amhránaí den chéad scoth é Gerry Tully go bhfuil an-cion aige agus ag Declan Flynn ar an gceol thraidisiúnta a chasadh le chéile. Is ball é Eoin ó Meachair den ghrúpa an Scadán Rua atá ag glacadh sos faoi láthair. Eagraíonn Eoin seisiúin ar an gcéad Satharn de gach mhí i Swifts i gCeatharlach. (www.kellysdunkirk.com)

Damaris Woods (Luton Shasana agus Cill Scíre,Co. na Mí) Bainseó agus Cairdín
Jim Woods ( Luton Shasana agus Ráth Cairn, Co. na Mí) Bosca Cheoil
Ciarán Ó Muirí ( Muineachán agus Ráth Cairn) Bodhrán
Máirtín Ó Muirí ( Longfort agus Muineachán) Giotar
Brian Byrne Brian Ó Broin eile ! (An Uaimh agus Ráth Cairn) Piano, Pad agus Dord
Odhrán Ó Casaide (Baile Átha Cliath agus Ráth Cairn) Fidil agus Píob Uilinn
Simon Ó Cróinín ( Tulach Mhór agus Ráth Cairn) Feadóg Mhór agus Feadóg Stáin(rianta 2,3)
Colm Dubh Ó Méalóid (Camus agus Ráth Cairn) Meleodian, (rianta 3 agus 5)
Gerry Tully (Baile Átha Troim) Giotar ( rianta 3,57,9,11,13).
Declan Flynn (Baile Átha Troim agus Ráth Cairn uaireanta) Fidil( rianta 8,10)
Eoin Ó Meachair (Ceatharlach) Bainseó (rian 12)
Brian Ó Broin Mandolin (anseo is ansiúd!)