20 píosa cheoil do dhamhsaí chéilí   20 music tracks for céilí dancing

Baile
Home

Eolas
Info

Ceoltóirí
Musicians

Ceol & Damhsaí
Music & Dances

Ceannaigh
Buy CD's

eolas@damhsa.com


Cúpla Focal ón Léiritheoir / A few words from the Producer
Tá súil agam go mbeidh tú sásta leis an dlúthdhiosca seo "Ceol don Chéilí". Tá an smaoineamh agam leis na blianta dlúthdhiosca chuimsitheach mar seo a léiriú agus tá ceol ann d'fhormhór dena damhsaí is coitianta a múintear sa lá atá inniu do dhaoine óga. Cé go bhfuil borra iontach maidir leis na damhsaí seite tá an borra céanna le n-aithint sna damhsaí chéilí i measc daoine óga ach go háirithe.Tá imeachtaí shoisialta ana thabhachtach do saol an duine óg agus mar imeacht shoisialta, bheadh sé deacair an Chéilí a bhualadh. Tá an buíochas sin ag dul do mhúinteoirí damhsa, do mhúinteoirí scoile, d'eagraitheoirí chéilí, do bhannaí chéilí, dona coláistí samhraidh agus le tamaill de bhlianta anuas don obair athbheochana atá ar siúl ag "Cairde Rince Céilí na hÉireann"

Chabhraigh 11 cheoltóir liom, go bhfuilim fíor bhuíoch dóibh, leis an léiriú seo. Tá blas thraidisiúnta ar an gceol agus tá rogha uirlisí le cloisteáil air. Tá rogha cheoil ann do Bhaint an Fhéir,Ionsaí na hInse agus do Bhallaí Luimní. Dar ndóigh is féidir ceol Bhaint an Fhéir a úsáid do Ionsaí na hInse; ceol Phort an Fhómhair do Bhaint an Fhéir agus vice versa; ceol Chor beirte agus Cor na Síog a úsáid do Bhallaí Luimní agus vice versa. Roghnaigh mé damhsaí eile nach bhfuil chomh coitianta sin agus tá súil agam go spreagfaidh an ceol sibh chun iad a mhúineadh. Tá treoir dona damhsaí ar fad sa leabhair "Ár Rincí Foirne" agus sa leabhair "Déan Rince" (nach bhfuil i gcló faoi láthair) Tá súil agam go spreagfaidh an léiriú seo Micheál Ó hEidhin chun an leabhair iontach seo a cur i gcló arís. Tá suíomh idirlíon á fhorbairt againn i láthair na huaire agus beidh eolas níos chuimsithí ar fáil air maidir leis na damhsaí chomh maith le reacaireacht (treoir abairtí gur féidir a mhúineadh le linn dona daltaí a bheith ag foghlaim na damhsaí) a chabhróidh le múinteoirí na damhsaí a mhúineadh. Mar fhocal scoir, tá súil agam go gcuidíonn an léiriú seo leis an spiorad sláintiúil atá le n - aithint i measc damhsóirí óga an domhain a chothú.

I hope you will enjoy this C.D " Ceol don Chéilí". For some time now I have had the idea of compiling a comprehensive C.D which includes music for most of the dances that are taught to young people today.The great recent revival in Set dancing can also be found in Céilí dancing especially amongst younger people. Social events greatly impress on the younger generation and none more so than the Céilí. For this we may thank dance teachers, school teachers, céilí organisers, musicians, summer colleges and the tremendous revival of Céilí dancing by "Cairde Rince Céilí na hÉireann" .

Eleven musicians, to whom I am very grateful, helped me compile this C.D which provides a choice of Music for "Baint an Fhéir" ( The Haymakers Jig ), "Ionsaí na hInse" ( Siege of Ennis) and "Ballaí Luimnní" (The Walls of Limerick). There is a traditional taste to the music and a choice of instruments can be heard. It is possible to use the music of "Baint an Fhéir" for "Ionsaí na hInse; the music of " Port an Fhómhair" for "Baint an Fhéir" and vice versa ; the music of " Cor Beirte" and " Cor na Síog " for " Ballaí Luimní and vice versa. I have chosen some lesser practised dances and I hope our choice of music will inspire you to teach them. The books " Ár Rincí Foirne" and " Déan Rince"( which is out of print at the moment) provide directions for all the dances on this C.D. I hope this production will inspire Micheál Ó hEidhin to re- print this illustrative book. We are presently developing our Web site (www.damhsa.com) through which we intend to provide some information on the dances as well as an instructional "rap" that can be taught to pupils as they learn them. Mar fhocal scoir, I hope this production will help maintain the healthy spirit that exists amongst young dancers where ever they may be. 


Brian Ó Broin
Léiritheoir (producer)
(Ráth Cairn agus Droichead Átha)

Buíochas / Thanks to:
Mo chlann
Ciarán Ó Súilleabháin (Dearthóir)
Comharchumann Ráth Cairn
Foras na Gaeilge
J.A.M Studios,Carn na Ros, Co.na Mí 
Micheál Ó hEidhin (An Spidéal)
Caoimhín Ó Murnáin (Scoil Damhsa de Bastábla Ó Murnáin, Ráth fearnáin, Baile Átha Cliath 14)
Dean Mc Kiernan (damhsóir óg as Ráth Cairn go bhfuil todhcaí maith roimhe i saol an damhsa aonair)
The Carnaross Inn , Conchúr Ó Giollagáin agus Caoimhín Mac Uiginn

(Barr / Top)